Conradh Liospóin - The Lisbon Treaty Bí ar an eolas faoi - Learn
about it here
|
|||
![]() |
|||
![]() Bí ar an eolas faoi Chonradh Liospóin anseo. Tá an t-eolas go léir le fáil ar dóigh atá sothuigthe go maith. An Fáth a bhfuil an Láithreán seo ann: Is minic a thuairiscítear sna meáin cumarsáide nach dtuigeann formhór toghthóirí na hÉireann cad atá i gceist le Conradh Liospóin. Tá daoine ag lorg ceannaireachta agus míniú. Bíonn daoine ag lorg ceannaireacht in iomaí réimse éagsúla. Sílim gur macasamhail mhaith í an spóirt. Níl mórán suime agam i gcúrsaí spóirt, ach ar nós a lán daoine eile, bím ag braith ar leithéidí Mícheál Ó Muirtheartaigh, Eamon Dunphy, Johnny Giles, Pat Spillane, George Hook srl. chun an cluiche a mhíniú ionas gur féidir liom an cluiche a thuiscint níos fearr. Dá bhrí sin táim ag cur ceannaireachta ar fáil do thoghthóirí i bhfeachtas Chonradh Liospóin ionas gur féidir leo an conradh a thuiscint. Rinne mé staidear ar pholaitíocht agus brústocaireacht Eorpach, bhí mé i m'iarrthóir sna toghcháin Eorpacha i 2004 agus tá taithí agam ar na meáin cumarsáide ar an ábhar sin tugann sin taithí dom ceannaireacht a thairscint ar an t-ábhar seo. Níl sa láithreán seo ach mo léirmhíniú féin den chonradh, mar sin is féidir glacadh leis nó a mhalairt. Nílim chun a rá le daoine cén chaoi ar chóir dóibh a nguthanna a chaitheamh, ach iarraim ar gach duine a g(h)uth a chaitheamh. Tá an t-ádh orainn in Éirinn go bhfuil bunreacht poblachtach againn agus dá bharr sin siad na daoine atá ceannasach. Is í Éire an t-aon tír san Aontas Eorpach atá chun leas a bhaint as reifreann chun an conradh a dhaingniú, mar sin ba chóir do gach toghthóir a g(h)uth a chaitheamh. Bain leas as an láithreán seo chun cuidiú leat cén slí a bhfuil tú chun do ghuth a chaitheamh. Féach ar Rock The Vote chun feiceáil cad atá á dhéanamh ag daoine eile chun daoine a spreagadh chun a nguthanna a chaitheamh. Seanán Ó Coistín Má theastaíonn uait teachtaireacht a sheoladh chugam, seol chuig conradh@buildabetterireland.ie é. |
![]() Learn about the Lisbon Treaty here. All the information is provided in an easy to understand manner. The Reason for this Site: The media reports that most Irish voters are unaware of what the Lisbon Treaty is all about. People are looking for leadership and explanation. People look for leadership in all sorts of areas. I think a good analogy is sports. I am not really interested in sports so, like a lot of people, I rely on sports commentators, analysts and writers such as Mícheál Ó Muirtheartaigh, Eamon Dunphy, Johnny Giles, Pat Spillane, George Hook etc. to explain what happens during a game to understand it better. In the same way I am offering leadership to voters in the Lisbon Treaty campaign so that they can understand what the treaty is all about. I studied European politics and lobbying, I stood as a candidate in the 2004 European elections and I have experience in communicating through the media so this gives me the experience to offer leadership on this issue. This site is my interpretation of the treaty, and people are free to accept or decline my intrepretation. I am not going to tell people which way to vote, but I am asking everyone to vote. Ireland is fortunate to have a republican constitution, which means the people are sovereign. Ireland is the only EU member state ratifying the treaty by referendum, so every eligible voter should vote. Use this site to help you decide how you will vote. Have a look at Rock The Vote to see how others are promoting voter turnout. Seanán Ó Coistín If you would like to send me an email, send it to conradh@buildabetterireland.ie |
||